Sula bhfuair mo scoil oiliúint ar chnuaslá JCT fiú bhí fonn orm na ‘gnéithe cáilíochta’ a thabhairt isteach do dhaltaí lena bhfreagra ar an teanga a úsáidtear iontu a mheas.
Bhí mé go láidir i bhfabhar úsáid na gcritéar ratha sa teagasc le blianta. Nuair a bhí mé páirteach in oiliúint a chur ar mhúinteoirí faoi oiliúint mhol mé an obair a rinne siad chun foghlaimeoirí neamhspleácha a fhorbairt, agus chun guth na ndaltaí a chur chun cinn sa seomra ranga.
Ag baint úsáide as na gnéithe cáilíochta go díreach ó www.jct.ie tá liosta tosaíochtaí curtha le chéile agam a d’úsáidfinn agus gnéithe caílíochta in úsáid sa todhchaí agam.
-
Ullmhaigh na daltaí trí na tuairisceoirí grád a lua roimh na gnéithe cáílíochta a dháileadh
D’fhiafraigh mé de dhaltaí cá raibh sé mar aidhm acu a bheith ann ó thaobh torthaí sa chéad rang agus na gnéithe cáilíochta á bplé. Dúirt líon mór daltaí gur os cionn na n-ionchais nó thar barr ar fad a bhí mar sprioc acu. Bím ag múineadh go mianta i gcónaí ach bhí a fhios agam go mbeadh díomá ar fhormhór na ndaltaí lena dtorthaí bunaithe ar an gcomhrá sin. Dá bhrí sin, mhínígh mé dá gcuirfidí siad an tasc imscrúdaithe i gcrích go dtí an leibhéal a bhí á theagasc agam, go mbainfidís amach toradh ‘ag teacht leis na hionchais’. Ó chuir mé é seo in iúl, tugann daltaí i bhfad níos mó aird ar na tuairisceoirí agus tá siad níos réadúla faoin áit a suíonn siad ar an scála.
-
Bris síos brí na focail ordaithe leis na daltaí
Bhí sé deacair ar mo dhaltaí a gcuid oibre a mheaitseáil go rathúil leis an bhfocal ordaithe ceart. Nuair a tugadh am machnaimh, cheap siad gur mhínigh siad a gcuid oibre nuair a bhí botúin éagsúla ach cosúla uaireanta. Chruthaigh sé seo níos mó oibre dom agus an tasc á mharcáil.
-
Cuir béim ar shamplaí de dhea-chleachtas tríd an tasc
D’úsáid mé mo ghuthán agus aip scanta chun samplaí a thógáil de obair a bhí ar siúl sa rang mar a bhí á fheiceáil agam. Mar shampla, chruthaigh dalta modh den scoth de réir an tsampla a léiríodh, agus d’úsáid sé na critéir treorach go léir a chuir mé ar fáil. Rinne mé scannáíl ar seo, sheol mé an pdf chuig mo r-phost, agus thaispeáin mé é ar chlár le go bhfeicfeadh na daltaí ar fad é. Laistigh de nóiméad tar éis dom an sampla a thaispeáint bhí caighdeán na modhanna a bhí á dtáirgeadh ag daoine eile ag feabhsú. Bhí na daltaí ag déanamh feabhsuithe ar a gcuid modhanna ag baint úsáide as an méid a chonaic siad ón sampla. An rud is fearr a tháinig as seo ná go ndearna sé mo mharcáil níos éasca.
-
Cuir am ar fáil do DIRT (Am feabhsúcháin agus machnaimh faoi threoir) nuair a bhíonn an tasc marcáilte
Cheap mé go raibh sé seo fíorluachmhar chun an t-am a thógann sé ar ghrúpa tascanna ina dhiaidh sin a chur i gcrích a ghearradh. Thug mé 20 nóiméad d’am ranga, d’iarr mé ar mhic léinn freagra a thabhairt ar m’aiseolas, agus na feabhsuithe a d’iarr mé a scríobh ar a gcuid greamáin ath-mharcála a chruthaigh mé dóibh. D’éirigh na daltaí níos muiníní, go háirithe ar ghraif a tharraing go cruinn. I ndiaidh é seo a dhéanamh de ghnáth níl na bunphointí céanna á n-athrá agam – mar shampla ná déan dearmad aiseanna a lipéadú srl.
Táim cinnte de réir mar a théann an grúpa céad bhliana seo ar aghaidh tríd an gcóras, gof rachaidh an fócas agus na ceachtanna atá le foghlaim ó ghnéithe cáilíochta a úsáid ar aghaidh leo. Tugadh critéir ratha dóibh faoi na ceannteidil céanna le haghaidh measúnaithe le haghaidh tascanna foghlama ó tugadh isteach iad, agus go ginearálta spreagann an cur chuige scoláirí toisc go bhfeiceann siad cá gcaithfidh siad feabhsú.