Cur Síos
Is sraith gníomhaíochtai agus áiseanna atá anseo a chlúdaíonn D&S3 chun na pláinéid (& gealaigh) a chur i gcomparaid le chéile. Tá beagán ullmhú ann ar dtús ach agus é ullmhaithe uair amháin coimeád an seit le húsaid bliain i ndiaidh bliana. Tá idir múineadh díreach, foghlaim féin-dhírithe agus piar-fhoghlaim i gceist.
Gníomhaíochtaí
1. Mais & Fad i mBealach na Bó Finne a fhiosrú
Rang fiosrú, anailís agus iniúchadh chun mais agus fad idir phláinéid a ríomh. Beidh gá samplaí a dhéanamh agus caint a dhéanamh ar scálaí agus an ghá atá leo. (Áis – Bileog Oibre “Mais agus Fad i mBealach na Bó Finne”)
2. Aistear na Bó Finne
Rang gníomhach ina siúlann daltaí trí Bhealach na Bó Finne ar scála beag agus iad ag bailiú eolais ar an sli. (Áis – Paca Múinteoiri le Bileoga Oibre & QR Chóid i gcóir gach pláinéad).
3. Ceisteanna Breise
Daltaí ag freagairt ceisteana bunaithe ar an aistear a rinne siad agus beagán taighde breise á dheanamh chun ceisteanna a fhreagairt. (Áis – Bileog Oibre “Ceisteanna: Na Pláinéid” le fáil i roinn SS Eolaiocht).