Tá bileoga éagsúla laistigh den roinn oibre seo. Tá siad oiriúnach le dáileadh a dhéanamh go digiteach orthu nó le priontáil agus le tabhairt do dhaltaí.
I measc na saghsanna bileoga tá:
Eochairfhocail: Liostaí focail a bheidh lárnach agus dalta ag déanamh staidéir ar an topaic seo.
Gníomhaíocht Fiosrúcháin: Píosa oibre ar féidir le daltaí tabhairt fúthu praiticiúil sa saotharlann, leis an eolas a thugtar dóibh ar an mbileog nó tríd meascán idir thascanna ar an mbileog agus taighde breise.
Tasc Litearthachta: Tá ceisteanna iontu seo atá bunaithe ar alt no píosaí éagsúla scríofa atá ar fáíl ar na bileoga. Is minic go mbíonn ceisteanna leo nó go mbíonn beagán taighde breise ag teastáil.
Measúnú chun Foghlama: Spreagann na bileoga oibre seo daltaí le tasc a chur i gcrích a chuirfidh lena gcuid eolais agus iad i mbun oibre.
Measúnú ar Fhoghlaim: Is fearr na bileoga oibre seo a úsáid agus mórchuid den aonad oibre críochnaithe. Cabhróidh na bileoga tástáil a dhéanamh ar fhoghlaim na ndaltaí agus an topaic á gclúdach.
Torthaí Foghlama: Domhan Ceimiceach