Céimseata Chomhordanáideach: Fána Líne a Aimsiú

Tugann an físeán seo míniú ar trí shlí chun fána líne a aimsiú ag úsáid graf agus ag úsaid foirmle.  Úsáidtear ceisteanna samplacha a éiríonn níos casta de réir mar a théann an físeán ar aghaidh.

Féach ar an bhfísean le trí mhodh éagsúla a fhoghlaim chun fána líne a aimsiú nó Féach ar an bhfísean go dtí go dtagann ceist suas, brúigh stop, bain triail as an gceist, tosaigh an físeán aris agus féach an bhfuair tú i gceart é nó aimsigh do bhotún.

Beidh an físeán seo ina chabhair ag tús topaice, mar thacaíocht bhreise do dhaltaí sa bhaile agus mar acmhainn don dul siar.

Torthaí Foghlama: Céimseata & Triantánacht  5a