Tá fáilte romhat go dbgmata.ie fág teachtaireacht beag faoi seo ionas gur féidir teacht ar mhúinteoirí a mhúineann na hábhair céanna leat.
Más maith leat sraith a bhunú ar thopaic ar bith seol teachtaireacht tapaidh go eolas@dbgmata.ie agus eiseoimid postáil ar an topaic atá uait.
Haigh, Is mise Feargal. Is duine de bhunaitheoirí dbgmata mé agus múinim Eolaíocht don SS agus Bitheolas don AT i nGaelcholáiste Cheatharlach. Tá suim faoi láthair agam in áiseanna foghlama ach go háirithe scrudú féincheartaithe, seicliostaí foghlama agus nótai dul siar ar líne a fhorbairt d’Eolaíocht na sraithe sóisearaí.