Sa sonraíocht churaclaim nua don sraith sóisearach san eolaíocht luaitear:
“Ní pacáiste slachtmhar eolais amháin í an eolaíocht – ná ní cur chuige céim ar chéim í maidir le fionnachtain.”
Léimeann an ráiteas seo amach chugam. . .
.
Mar Eolaí tá mé níos compordaí ag foghlaim faoi phróisis agus faoi loighic a chur i bhfeidhm, mar mhúinteoir tá mé tar éis stíl a fhorbairt chomh maith áit gur maith liom múineadh faoi phróisis agus faoi loighic a chur i bhfeidhm. Is é an stíl foghlama seo a mheall mé chuig na heolaíochtaí ar dtús agus is é an rud a chinntíonn go bhfuil dúil agam san ábhar ant-am ar fad. Ar ndóigh, tá ról ag an gcruthaitheacht i dteagasc aon ábhair, ach ní hé an chruthaitheacht an chéad tréith den Eolaíocht a smaoiníonn mórchuid na ndaoine air.
Mar sin, cá bhfágann sé sinn agus muid ag pleanáil na scileanna a theastaíonn do na measúnuithe rangbhunaithe a mhúineadh – gníomhaíocht ina n-iarrtar ar dhaltaí smaoineamh go cruthaitheach ar chur i bhfeidhm próiseas loighciúil a thástáil?
Is léir go gcaithfidh daltaí an modh eolaíoch a chur i bhfeidhm ar a gcuid smaointe chun hipitéis intástáilte a dhéanamh. Táthar ag súil go ndéanfaidh daltaí taighde, ceistiú agus breathnú ar phatrúin ina gcuid sonraí, iad a thabhairt i gcrích agus a mheas. Tá siad seo ríthábhachtach chun caighdeán eisceachtúil a bhaint amach i ngnéithe ordlathacha na cáilíochta. Is féidir le líon mór na gcéimeanna a bhaineann leis an modh eolaíochta a bheith iomarcach do mhic léinn.
I mo thaithí féin cailltear daltaí níos laige i bhfairsinge an taisc agus bíonn deacracht ag daltaí ardchumais a gcuid smaointe a choinneáil laistigh de theorainn an taisc, ag iarraidh ina ionad sin oscailteacht na dteidil a úsáid chun cíoradh ceart a dhéanamh ar an ábhar.
Is minic nach fiú dtugtar aitheantas ar bith do thadhlaithe agus cé go mbraitheann daltaí go ndearnadar sár-iarracht, faigheann siad amach go tapa nach n-oireann a gcuid oibre d’idéal na ngnéithe cáilíochta agus gnóthaíonn siad torthaí nach bhfuil comhionann le torthaí.
Agus mé ag obair agus ag difreáil le haghaidh cumais éagsúla, bhí a fhios agam i gcónaí conas trí phríomh-athróg a aithint, neamhspleách, spleách agus rialaithe. Agus am á chaitheamh acu air seo (i dtéarma 1 de bhliain 1 de ghnáth) bíonn mic léinn ‘oilte’ agus iad ag lorg patrúin a thaispeánann éifeacht ag an athróg neamhspleách ar an athróg spleách.
Mar shampla, nuair a bhíonn osmóis á theagasc beidh a fhios ag gach duine go bhféachann a gcuid gníomhaíochtaí fiosrúcháin ar éifeacht na maise (gluaiseacht uisce) mar gheall ar thiúchan athraitheach tuaslagtha. Tógann sé seo thart ar 2-3 cheacht sa bhreis ar na ceachtanna atá beartaithe ach bíonn sé níos luachmhara i dtaobh na foghlama ná ceachtanna gan modheolaíocht fiosrúcháín i bhfeidhm.
Ceadaíonn an tuiscint bhunúsach seo ar athróga agus a dtábhacht do dhaltaí a dtáblaí agus a ngraif sonraí a thógáil go muiníneach, rud a bhaineann ceistíocht leanúnach ó dhaltaí faoi cá dtéann na lipéid agus conas an tábla a leagan amach. Maidir le hanailís a dhéanamh ar na sonraí a bhailítear is féidir le daltaí ar gach cumas patrún bunúsach a fheiceáil ar an méid a tharla don athróg spleách a lorg mar gheall ar an athrú neamhspleách. Tugann sé seo an ráiteas tosaigh don chonclúid agus tugann sé deis do dhaltaí ansin a gcuid taighde a nascadh chun an patrún a mhíniú. (Lorgaím de ghnáth go n-úsáideann daltaí príomhfhoclóir anseo freisin, mar shampla ardchlár, méadú, laghdú, géar, comhréireach go díreach, comhréireach go hindíreach srl).
Cé go gcuirtear go leor leibhéil foghlama i bhfeidhm sna measúnuithe rangbhunaithe, má bhíonn a fhios agat conas athróga a aithint agus a úsáid le linn fiosrúcháin, bíonn pointe tagartha coitianta i gcónaí i ngach céim. Téann daltaí i dtaithí ar a n-athróga i rith gach céime agus bíonn níos mó neamhspleáchas mar thoradh ar an eolas le linn chéimeanna an mhodha eolaíochta.
Sula bhfuair mo scoil oiliúint ar chnuaslá JCT fiú bhí fonn orm na ‘gnéithe cáilíochta’ a thabhairt isteach do dhaltaí lena bhfreagra ar an teanga a úsáidtear iontu a mheas.
Bhí mé go láidir i bhfabhar úsáid na gcritéar ratha sa teagasc le blianta. Nuair a bhí mé páirteach in oiliúint a chur ar mhúinteoirí faoi oiliúint mhol mé an obair a rinne siad chun foghlaimeoirí neamhspleácha a fhorbairt, agus chun guth na ndaltaí a chur chun cinn sa seomra ranga.
Ag baint úsáide as na gnéithe cáilíochta go díreach ó www.jct.ie tá liosta tosaíochtaí curtha le chéile agam a d’úsáidfinn agus gnéithe caílíochta in úsáid sa todhchaí agam.
D’fhiafraigh mé de dhaltaí cá raibh sé mar aidhm acu a bheith ann ó thaobh torthaí sa chéad rang agus na gnéithe cáilíochta á bplé. Dúirt líon mór daltaí gur os cionn na n-ionchais nó thar barr ar fad a bhí mar sprioc acu. Bím ag múineadh go mianta i gcónaí ach bhí a fhios agam go mbeadh díomá ar fhormhór na ndaltaí lena dtorthaí bunaithe ar an gcomhrá sin. Dá bhrí sin, mhínígh mé dá gcuirfidí siad an tasc imscrúdaithe i gcrích go dtí an leibhéal a bhí á theagasc agam, go mbainfidís amach toradh ‘ag teacht leis na hionchais’. Ó chuir mé é seo in iúl, tugann daltaí i bhfad níos mó aird ar na tuairisceoirí agus tá siad níos réadúla faoin áit a suíonn siad ar an scála.
Bhí sé deacair ar mo dhaltaí a gcuid oibre a mheaitseáil go rathúil leis an bhfocal ordaithe ceart. Nuair a tugadh am machnaimh, cheap siad gur mhínigh siad a gcuid oibre nuair a bhí botúin éagsúla ach cosúla uaireanta. Chruthaigh sé seo níos mó oibre dom agus an tasc á mharcáil.
D’úsáid mé mo ghuthán agus aip scanta chun samplaí a thógáil de obair a bhí ar siúl sa rang mar a bhí á fheiceáil agam. Mar shampla, chruthaigh dalta modh den scoth de réir an tsampla a léiríodh, agus d’úsáid sé na critéir treorach go léir a chuir mé ar fáil. Rinne mé scannáíl ar seo, sheol mé an pdf chuig mo r-phost, agus thaispeáin mé é ar chlár le go bhfeicfeadh na daltaí ar fad é. Laistigh de nóiméad tar éis dom an sampla a thaispeáint bhí caighdeán na modhanna a bhí á dtáirgeadh ag daoine eile ag feabhsú. Bhí na daltaí ag déanamh feabhsuithe ar a gcuid modhanna ag baint úsáide as an méid a chonaic siad ón sampla. An rud is fearr a tháinig as seo ná go ndearna sé mo mharcáil níos éasca.
Cheap mé go raibh sé seo fíorluachmhar chun an t-am a thógann sé ar ghrúpa tascanna ina dhiaidh sin a chur i gcrích a ghearradh. Thug mé 20 nóiméad d’am ranga, d’iarr mé ar mhic léinn freagra a thabhairt ar m’aiseolas, agus na feabhsuithe a d’iarr mé a scríobh ar a gcuid greamáin ath-mharcála a chruthaigh mé dóibh. D’éirigh na daltaí níos muiníní, go háirithe ar ghraif a tharraing go cruinn. I ndiaidh é seo a dhéanamh de ghnáth níl na bunphointí céanna á n-athrá agam – mar shampla ná déan dearmad aiseanna a lipéadú srl.
Táim cinnte de réir mar a théann an grúpa céad bhliana seo ar aghaidh tríd an gcóras, gof rachaidh an fócas agus na ceachtanna atá le foghlaim ó ghnéithe cáilíochta a úsáid ar aghaidh leo. Tugadh critéir ratha dóibh faoi na ceannteidil céanna le haghaidh measúnaithe le haghaidh tascanna foghlama ó tugadh isteach iad, agus go ginearálta spreagann an cur chuige scoláirí toisc go bhfeiceann siad cá gcaithfidh siad feabhsú.