Gnéithe Cailíochta

Sula bhfuair mo scoil oiliúint fiú ar chnuaslá JCT bhí fonn orm na ‘gnéithe cáilíochta’ a thabhairt isteach do dhaltaí lena bhfreagra ar an teanga a úsáidtear iontu a mheas.

Bhí mé go láidir i bhfabhar úsáid na gcritéar ratha sa teagasc le blianta. Nuair a bhí mé páirteach in oiliúint a chur ar mhúinteoirí faoi oiliúint mhol mé an obair a rinne siad chun foghlaimeoirí neamhspleácha a fhorbairt, agus chun guth na ndaltaí a chur chun cinn sa seomra ranga.

Ag baint úsáide as na gnéithe cáilíochta go díreach ó www.jct.ie tá liosta tosaíochtaí curtha le chéile agam a d’úsáidfinn agus gnéithe caílíochta in úsáid sa todhchaí agam.

  1. Ullmhaigh na daltaí trí na tuairisceoirí grád a lua roimh na gnéithe cáílíochta a dháileadh

D’fhiafraigh mé de dhaltaí cá raibh sé mar aidhm acu a bheith ann ó thaobh torthaí sa chéad rang agus na gnéithe cáilíochta á bplé. Dúirt líon mór daltaí gur os cionn na n-ionchais nó thar barr ar fad a bhí mar sprioc acu. Bím ag múineadh go mianta i gcónaí ach bhí a fhios agam go mbeadh díomá ar fhormhór na ndaltaí lena dtorthaí bunaithe ar an gcomhrá sin. Dá bhrí sin, mhínígh mé dá gcuirfidí siad an tasc imscrúdaithe i gcrích go dtí an leibhéal a bhí á theagasc agam, go mbainfidís amach toradh ‘ag teacht leis na hionchais’. Ó chuir mé é seo in iúl, tugann daltaí i bhfad níos mó aird ar na tuairisceoirí agus tá siad níos réadúla faoin áit a suíonn siad ar an scála.

  1. Bris síos brí na focail ordaithe leis na daltaí

Bhí sé deacair ar mo dhaltaí a gcuid oibre a mheaitseáil go rathúil leis an bhfocal ordaithe ceart. Nuair a tugadh am machnaimh, cheap siad gur mhínigh siad a gcuid oibre nuair a bhí botúin éagsúla ach cosúla uaireanta. Chruthaigh sé seo níos mó oibre dom agus an tasc á mharcáil.

  1. Cuir béim ar shamplaí de dhea-chleachtas tríd an tasc

D’úsáid mé mo ghuthán agus aip scanta chun samplaí a thógáil de obair a bhí ar siúl sa rang mar a bhí á fheiceáil agam. Mar shampla, chruthaigh dalta modh den scoth de réir an tsampla a léiríodh, agus d’úsáid sé na critéir treorach go léir a chuir mé ar fáil. Rinne mé scannáíl ar seo, sheol mé an pdf chuig mo r-phost, agus thaispeáin mé é ar chlár le go bhfeicfeadh na daltaí ar fad é. Laistigh de nóiméad tar éis dom an sampla a thaispeáint bhí caighdeán na modhanna a bhí á dtáirgeadh ag daoine eile ag feabhsú. Bhí na daltaí ag déanamh feabhsuithe ar a gcuid modhanna ag baint úsáide as an méid a chonaic siad ón sampla. An rud is fearr a tháinig as seo ná go ndearna sé mo mharcáil níos éasca.

  1. Cuir am ar fáil do DIRT (Am feabhsúcháin agus machnaimh faoi threoir) nuair a bhíonn an tasc marcáilte

Cheap mé go raibh sé seo fíorluachmhar chun an t-am a thógann sé ar ghrúpa tascanna ina dhiaidh sin a chur i gcrích a ghearradh. Thug mé 20 nóiméad d’am ranga, d’iarr mé ar mhic léinn freagra a thabhairt ar m’aiseolas, agus na feabhsuithe a d’iarr mé a scríobh ar a gcuid greamáin ath-mharcála a chruthaigh mé dóibh. D’éirigh na daltaí níos muiníní, go háirithe ar ghraif a tharraing go cruinn.  I ndiaidh é seo a dhéanamh de ghnáth níl na bunphointí céanna á n-athrá agam – mar shampla ná déan dearmad aiseanna a lipéadú srl.

Táim cinnte de réir mar a théann an grúpa céad bhliana seo ar aghaidh tríd an gcóras, gof rachaidh an fócas agus na ceachtanna atá le foghlaim ó ghnéithe cáilíochta a úsáid ar aghaidh leo. Tugadh critéir ratha dóibh faoi na ceannteidil céanna le haghaidh measúnaithe le haghaidh tascanna foghlama ó tugadh isteach iad, agus go ginearálta spreagann an cur chuige scoláirí toisc go bhfeiceann siad cá gcaithfidh siad feabhsú.

le Amy Ní Laoire, www.scienceteacher.e

Freagair

Your email address will not be published. Required fields are marked *

The maximum upload file size: 1 GB. You can upload: image, audio, video, document, spreadsheet, interactive, text, archive, code, other. Links to YouTube, Facebook, Twitter and other services inserted in the comment text will be automatically embedded. Drop file here